Friday, 27 February 2015
Éin
Éin
Tá gach rang ag déanamh staidéar ar éan difriúil atá le feiceáil sa chlós. Roinnt de na héin a roghnaigh muid ná an lon dubh, spideog, géanna Brent, snag breac, meantán gorm, meantán mór, druid agus colm coille. Táimid ag foghlaim faoi dath an éin, cuma atá orthu, bia a itheann siad, cá bhfuil cónaí orthu agus neart eile !!
An Plean
Plean Gníomhaíochta
Bhíomar an-gnóthach ó thús na bliana. Seo learscáil don scoil a tharraing rang a ceathair nuair a bhí siad ag obair le hAindriú mar chuid de OWLS (Outdoor, Wildlife, Learning and Survival) Feiceann tú crainn, plandaí agus bláthanna atá againn faoi láthair.
Seo learscáil le roinnt do na rudaí a bheas muid ag tabhairt faoi - móinéar bláthanna fiáine agus pasáiste fiadhúlra Tá muid ag iarraidh go mbeadh gnáthóga a chruthú ionas go mbeadh níos mó feithidí, éin irl. ag teacht isteach sa gháirdín agus i gclós na scoile.
An Brat Glas
An Brat Glas
Beidh tús a chuir le hiarratas na scoile ar an gcúigiú Brat Glas i mbliana. Tá an-obair déanta thar na blianta ar athchúrsáil, caomhnú fuinnimh, cúrsaí uisce, taistil agus an chéad téama eile a bheas againn ná bithéagsúlacht go háirithe mar a bhaineann le ceantar na scoile. Ciallaíonn bithéagsúlacht an méid éagsúlacht de rudaí beo atá ar an domhain nó i gnáthóg/ éiceachóras faoi leith.
Subscribe to:
Posts (Atom)