Friday 27 February 2015

Rang a 6, timpeallacht na Scoile!


Éin

Éin
Tá gach rang ag déanamh staidéar ar éan difriúil atá le feiceáil sa chlós. Roinnt de na héin a roghnaigh muid ná an lon dubh, spideog, géanna Brent, snag breac, meantán gorm, meantán mór, druid agus colm coille. Táimid ag foghlaim faoi dath an éin, cuma atá orthu, bia a itheann siad, cá bhfuil cónaí orthu agus neart eile !!








An Plean

Plean Gníomhaíochta
Bhíomar an-gnóthach ó thús na bliana. Seo learscáil don scoil a tharraing rang a ceathair nuair a bhí siad ag obair le hAindriú mar chuid de OWLS (Outdoor, Wildlife, Learning and Survival) Feiceann tú crainn, plandaí agus bláthanna atá againn faoi láthair.




Seo learscáil le roinnt do na rudaí a bheas muid ag tabhairt faoi - móinéar bláthanna fiáine agus pasáiste fiadhúlra                          Tá muid ag iarraidh go mbeadh gnáthóga a chruthú ionas go mbeadh níos mó feithidí, éin irl. ag teacht isteach sa gháirdín agus i gclós na scoile.













Meitheal 2014

Meitheal 2014
Tháinig tuismitheoirí agus páistí le chéile leis an ngáirdín a ghlanadh agus bláthanna a phlandáil. Bhí an-lá ann. Míle buíochas do gach duine !






Maidin Plandála

Maidin Plandála
Bhí maidin plandála ag naíonáin bheaga agus ag naíonáin mhóra. Chuireamar trí cheapach bláthanna nua ar chúl na scoile. Thaitin sé go mór leis na páistí. Chuireamar lus an chromchinn agus tiúilipí.









Crainn

Crainn
Fuair rang a haon go dtí rang a sé crann dúchasach i gclós na scoile le staidéar a dhéanamh orthu. Roinnt de na crainn a bhí siad ag foghlaim faoi ná - an seiceamar, an fhuinseog, an caorthainn. D'fhoghlaim na páistí faoi na duilleoga agus na torthaí.




An Brat Glas

An Brat Glas
Beidh tús a chuir le hiarratas na scoile ar an gcúigiú Brat Glas i mbliana. Tá an-obair déanta thar na blianta ar athchúrsáil, caomhnú fuinnimh, cúrsaí uisce, taistil agus an chéad téama eile a bheas againn ná bithéagsúlacht go háirithe mar a bhaineann le ceantar na scoile. Ciallaíonn bithéagsúlacht an méid éagsúlacht de rudaí beo atá ar an domhain nó i gnáthóg/ éiceachóras faoi leith.