Thursday 14 June 2018

Áit Páirceála nua do na Rothair !!





Bhí an t-ádh orainn go bhfuaireamar áit páirceála nua do na rothair !! Bhí siad oscailte inniu don chéad lá agus mar a tharla is Seachtain Náisiúnta Rothaíochta atá ann agus bhí ceardlann rothaíochta againn ar maidin. Ní fhaca mé riamh an méid sin rothair sa scoil. Bhí sé iontach. Leanaigí leis an rothaíocht a pháistí, tá neart páirceail ar fáil daoibh anois. Cinntigh go dtagann sibh isteach an geata beag agus siúil ar dheis, timpeall ar chúl na scoile leis na rothair. Níl cead teacht isteach an geata mór.  Bhí an-lá againn. 





No comments:

Post a Comment