Monday, 29 February 2016

Ag Ardú an Bhrait Ghlais

Ardú an Bhrait Ghlais

Beidh lá speisialta ag Scoil Neasáin inniu, an 29 Feabhra, nuair a ardófar go hoifigiúil ár 5ú Brat Glas, a bhuamar ag deireadh na bliana anuraidh ar an téama 'Bithéagsúlacht '. Beidh Andrew Flemming ó OWLS ( Outdoor, Wildlife, Learning and Survival) ag teacht leis an mBrat a ardú agus le ceardlainn a dhéanamh le Ranganna 3,4,5 agus 6. Beidh cead ag na páistí cóisir Glas a bheith acu inniu. Séard atá i gceist ná bia a ithe atá sláintiúil , blasta agus le h-íosmhéid pacáistiú. 

Tuesday, 21 April 2015

Rang 4 agus Rang 5

Beidh Rang 4 agus Rang 5 ag plandáil bláthanna fiáine an tseachtain seo sa chlós dearg. Tá neart oibre le déanamh acu . Go n-éirí libh agus bainigí sult as ! Beidh muid ag súil le na grianghraif a fheiceáil go luath !! 

Tá muid ag fás !!

Friday, 27 March 2015

Gairdín chun tosaigh

Tá an gairdín ag breathnú iontach nach bhfuil ?