Friday, 7 April 2017

Glantachán Náisiúnta an Earraigh 2017 !

Glantachán Náisiúnta an Earraigh Scoil Neasáin 5ú Aibreán 2017
Ghlacamar páirt i nGlantachán an Earraigh a bhíonn ar siúl ag an Taisce gach bliain. Is Rang 5, Múinteoir Tómas agus Eileen  a thug faoi an glanadh an - mhór seo !! Bhí 70 mála lán tar éis an ghlanadh ar fad !! Glanadh imeall an chlóis in aice leis an mbóthar, bhí go leor bruscair anseo. Bhí gá le lámhainní a bheith orainn ar fad agus gá le "pickers" a úsáid le rudaí a thógáil taobh amuigh. Táimid an-bhuíoch do Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath sa Chulóg a thug málaí, lámhainní agus pickers dúinn agus a bhailigh na málaí dúinn ar an lá céanna. Táimid chomh brodúil as Rang 5 don obair dhian ar fad a rinne siad ag glanadh an chlóis dúinn ar fad. Bhí obair mhór i gceist ach rinne sibh an-jab gan aon ghearán a dhéanamh. Maith sibh !!! Míle buíochas do Mhúinteoir Tómas , do Eileen agus do Rang 5. 















Friday, 31 March 2017

Gradaim Chúnamh Éireann , ár nDomhan , 2017

Gradaim Chúnamh Éireann , ár nDomhan , 2017
Irish Aid Awards
Ghlac Rang 5 páirt sna  Gradaim Chúnaimh Éireann i mí Marta 2017. Is é cúnamh Éireann clár cúnaimh oifigiúil na hÉireann thar lear do thíortha atá i mbéal forbartha. Déanann an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála bainistíocht air.Comhoibríonn Éireann le rialtais agus eagraíochtaí forbartha in os cionn 80 tír.
Cúnamh daonúil éigeandala do phobal atá buailte le cogadh, athrú aeráide agus nuair a bhíonn an aimsir thar a bheith dona
Cúnamh forbartha – cúnamh d’fheabhsuithe fadtéarma do phobail i roinnt de na tíortha is boichte ar domhan.

Oibríonn Cúnamh Éireann le 8 dtír chomhpháirtíochta san Afraic agus san Áis chun dul i ngleic leis an ocras, bochtaineacht, athrú aeráide neamhionannas agus chun tacú le cearta an duine. Tá clár Chúnamh Éireann rangaithe go hidirnaisiúnta mar cheann de na cláír is fearr ar domhan.







Monday, 20 March 2017

Lá Gnímh Trádáil Chóir

Lá Gnímh don Bhrat Glas ar an 16ú Márta 2017. An téama a bhí againn ná Trádáil Chóir. Bhí rogha ag na páistí gléasadh mar aon rud a bhain le Trádáil Chóir - bananaí, málaí tae, feirmeoirí, caife irl. Caithfidh mé a rá go ndearna an scoil ar fad an-iarracht !! Bhí sibh iontach a pháistí agus tá moladh an- mhór ag dul daoibh agus bhur dtuismitheoirí don obair ar fad a chuir sibh isteach ann !!! Tógadh neart grianghraif ar an lá agus tá siad le feiceáil thíos. Rinne na múinteoirí agus na páistí an-obair ar thrádáil chóir le cúpla seachtain anuas. Míle buíochas daoibh ar fad. Buíochas an-mhór don choiste Julie Ann, Cian, Isabel, Luke, Breandán, Ella Shannon, Sadhbh agus Fiachra. Bhí smaointe iontach agaibh agus ag na ranganna don lá !  D'fhéach gach rang ar scéal ar an lá ins na ranganna - Pablo an banana iontach, scéal liathróide nó scéal codáis. Féach thíos ar na grianghraif iontach daoibhse !!